.comment-link {margin-left:.6em;}

Blog site moved to new location...




The Pile

Subscribe

Using a feed:
Subscribe
Using e-mail:
Your e-mail

Monday, April 04, 2005

Cúirt an Ṽean-Oík̃e




(Caiỹdean)(Nua)

Cúirt an Mhean-Oíche
Brian Merriman

Ba ghnáth mé ar siúl le ciumhais na habhann
Ar bháinseach úr is an drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe
Gan mhairg gan mhoill ar shoilseadh an lae.
Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír, is íor na spéire
Ba thaitneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte
Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.
Ghealfadh an croí bheadh críon le cianta—
Caite gan bhrí nó líonta le pianta—
An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas
D'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte
Ar lachain ina scuain ar chuan gan cheo,
An eala ar a bhfuaid is í ag gluaiseacht leo,
Na héisc le meidhir ag éirí anairde
Péirse i radharc go taibhseach tarrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach torannach trom,
Bhíodh éanlaith i gcrann go meidhreach mómhar,
Léimneach eilte i gcoillte im chóngar,
Géimneach adharc is radharc ar shlóite,
Tréanrith gadhar is Reynard rompu.
...

Cúirt an Ṽean-Oík̃e
Brian Merriman

Ba ĥnáĥ mé ar siúl le ciuw̃ais na haŵann
Ar ŵáinseak̃ úr is an drúk̃t go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléiṽe
Gan w̃airg gan w̃oill ar ĥoilseaĥ an lae.
Do ỹealaĥ mo k̃roí nuair k̃ínn Lok̃ Gréine,
An talaṽ, an tír, is íor na spéire
Ba ĥaitneaw̃ak̃ aoiṽinn suíoṽ na sléiṽte
Ag bagairt a gcinn ĥar ĥroim a k̃éile.
Ỹealfaĥ an croí ṽeaĥ críon le cianta—
Caite gan ṽrí nó líonta le pianta—
An séiĥleak̃ searṽ gan sealṽ gan saiṽreas
D'~éak̃faĥ tamall ĥar ŵarra na gcoillte
Ar lak̃ain ina scuain ar k̃uan gan k̃eo,
An eala ar a ŵfuaid is í ag gluaiseak̃t leo,
Na héisc le meiŷir ag éirí anairde
Péirse i raĥarc go taiṽseak̃ tarrṽreac,
Daĥ an lok̃a agus gorm na dtonn
Ag teak̃t go tolgak̃ torannak̃ trom,
Ṽíoĥ éanlaiĥ i gcrann go meiŷreak̃ mów̃ar,
Léimneak̃ eilte i gcoillte im k̃óngar,
Géimneak̃ aĥarc is raĥarc ar ĥlóite,
Tréanriĥ gaĥar is Reynard rompu.
...

posted by Eamonn | 9:25 AM

0 Comments:

Post a Comment

<< Home

Irish Blogs

Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons License.